Help Sitemap Home Skip Navigation Contact Us Disability Statement

 
 
Sunday, 1st August 2010

An Cumann Gaelach

Click on thumbnail to view image
Click on thumbnail to view image
Click on thumbnail to view image
Click on thumbnail to view image
Click on thumbnail to view image

Published Date: 11 March 2010
Lá 'le Pádraig – Lá na nGael
Is leis an náisiún uile Naomh Pádraig. Eisean a thug an Chríostaíocht go hÉirinn agus ar a lá féile léirímid dó an t-omós is dual dó. Aontaíonn sé le chéile sinn agus pé áit a gcastar Gaeil ar a chéile an lá sin braitheann siad mortas cine a bhí faoi
cheilt an chuid eile den bhliain. Éisteann siad le ceol agus amhráin na hÉireann agus baineann siad feidhm as an nGaeilge a bhí ligthe i ndearmad acu. Cé gur cuid den Aontas Eorpach anois sinn, cuimhnímis gur sean-náisiún í Éire a bhfuil a teanga agus a cultúr féin aici agus má chaillimid iad is beag an meas a bheidh ag náisiúin eile orainn. Le blianta beaga anuas tá teangacha éagsúla le cloisint ar shráideanna Chluain Meala agus b'fhéidir go spreagfaí sinn ár dteanga féin a labhairt. Ar nós na ndaoine sin bímisne bródúil as ár gcultúr dúchais agus déanaimis sár-iarracht tosnú ar an Ghaeilge a chur chun cinn.

Seirbhísí Eaglaise

In onóir do Naomh Pádraig beidh seirbhísí eaglaise i nGaeilge i roinnt mhaith séipéal Lá Fhéile Pádraig. I gCluain Meala is i nGaeilge a bheidh Aifreann 12-30 in Eaglais N. Peadar is Pól, Aifreann 11-30 sa Phrióireacht agus Aifreann 12-00 in Eaglais N. Muire. Beidh an tAifreann in Eaglais N. Peadar is Pól mar chuid de Chomóradh Dhá Chéad Bliain an tséipéil. Canfaidh na córacha iomainn Ghaelacha agus beidh bileoga ar fáil i ngach séipéal ina mbeidh an leagan Gaeilge den Aifreann.

Oíche Ghaelach

Mar is dual do Ghaeil ar an bhFéile Náisiúta, comóraimid an Fhéile le spórt agus scléip. I gCluain Meala beidh seisiún ceoil agus céilí i gClubtheach Chluain Meala Óg oíche Dé Sathairn, 13ú Márta. Beidh ceoltóirí agus amhránaithe den scoth i láthair ó Chraobh Bhaile an Phaoraigh den Chomhaltas agus ón gceantar máguaird. Cuirfear tús le himeachtaí ar 8.30 agus beidh fáilte roimh chách. Bígí linn agus bainigí taitneamh as an oíche.

Ciste na Teanga

Bíonn roinnt mhaith costaisí ar an gCumann Gaelach gach bliain agus Lá Fhéile Pádraig bíonn cead againn airgead a bhailiú lasmuigh de na séipéil. Braithimid go mór ar fhéile an phobail agus tugann siad cabhair dúinn le croí maith, mór. Iarraimid orthu arís bheith chomh fial, flaithiúil is a bhí siad riamh.

Ár nDúchas Gaelach

Le roinnt blianta anuas tá an-bhéim ar ár n-oidhreacht agus is beag paróiste sa tír anois nach bhfuil cumann staire agus oidhreachta ann. Is maith ann iad gan amhras agus, bíodh gur ar mhaithe le turasóireacht a bunaíodh roinnt acu, músclaíonn siad spéis ionainn in iarsmaí ár sean agus b'fhéidir go gcuirfidís ag smaoineamh sinn ar an ngné is tabhachtaí dár n-oidhreacht - an Ghaeilge. Gan an Ghaeilge ní bheidh ionainn amach anseo ach cúige Shasanach agus ní bheidh meas againn orainn féin ná ag éinne eile orainn. Dá bhrí sin, déanaimis sáriarracht i mbliana filleadh ar ár ndúchas agus ár dteanga féin a labhairt.



Page 1 of 1

  • Last Updated: 11 March 2010 9:36 AM
  • Source: The Nationalist
  • Location: Clonmel, County Tipperary
 
 
 


Sister Newspapers:
Press Complaints Commission

This website and its associated newspaper adheres to the Press Council of Ireland’s Code of Practice. If you have a complaint about editorial content which relates to inaccuracy or intrusion, then contact the Editor by clicking here.

If you remain dissatisfied with the response provided then you can contact the Office of the Press Ombudsman by clicking here.